Dánta as Gaeilge

Táim ag foghlaim Gaeilge agus is maith liom filíocht. Bím ag scríobh dánta beaga anois agus arís…

Táim buíoch de Eibhlís Carcione, Colm Ó Ceallacháin agus daoine eile as léamh agus ceartú!

Sráid na Meisceoirí

Bíonn tú ag casoid faoi mheisceoirí ar an tsráid sin.
Ach is mise meisceoir na sráide sin anocht.
Bheifeá dearg le fearg dá mbeifeá ann
agus d'fheicfeá mé... ach níl tú ann.

Tá súil agam go bhfuil tú i do chodladh,
clutharaithe i bpluid theolaí.
Bíonn tú ag féachaint go hálainn
nuair a bhíonn codladh go leor agat.

Is é seo an áit a scaraimid,
céad bliain gearr ó shin,
agus d'fhéachfainn ort ag dul as radharc
gach uair, go dtí an uair dheireanach.

Tá "muid" san aimsir chaite amháin anois
agus thit poncanna séimhithe ar na briathra
mar a thiteann callóga ar an bfhéar marbh:
bhíomar, chuamar, chanamar...

Ní fiú mé go dtiocfá faoi mo dhíon.
Trí mo choir féin, trí mo mhorchoir féin...
Tá mo chroí agus m'intinn folamh anois,
agus níl ach míreanna de shean-amhráin grá ann.

"Ní raibh a fhios agam cén t-am a bhí ann
nuair a bhuail mé leat".
Tá a fhios agam, ach is cuma:
ní bheidh cothrom an lae sin againn.

"Is milseog thú, dar lia — rós féithlinn".
Ní chuirtear síos go graosta mar sin
ar dhuine uasal mar tusa.
Níl sé sin ceart ar fad.

"Mise go léir, cén fáth nach dtógfá mé go léir?"
Tá a fhios agam  nach fiú mé.
Ní thiocfaidh tú faoi mo dhíon
agus níl focail ann le mo anam a leigheas.

Ulchabhán

Ar maidin go moch
tá cosúlacht agat
le hulchabhán beag.

Cliste is codlatach —
Aitéiné agus a héan
i nduine cheana féin.

Bandia na heagna
agus éan clúmhach —
comhcheangal dochloíte.

Nuair a bhuail mé leat,
níor thuig mé ar an mball
go raibh mé i do chrúba,
amhail luchóg dhímríoch.

Agus táim ann fós,
ar crochadh san aer
in airde meadhránach

nuair atá tú ag eitilt
ar do shlí féin,
aineolach ar do chreach.

An bhfuil a fhios agat
go bhfuil mé i do chrúba,
a éan chliste, chlúmhach?

Ná bíodh imní ort

I gcuimhne mo chara Jack a chuir lámh ina bhás féin i samhradh 2023.

Ná bíodh imní ort. 
An deoch atá agat orm —
déan dearmad uirthi,
tá sé ceart go leor.

Ná bíodh pian ort.
Níl pian orm anois,
cén fáth
go mbeadh pian ort?

Ná bíodh brón ort.
Nuair a thuig mé
go raibh críoch mo phéine ann
bhí áthas orm
an céad uair i mblianta.

Ná bíodh náire ort.
Rinne tú gach rud
gurbh fhéidir leat a dhéanamh dom.
Táim buíoch díot.

An deoch atá agat orm,
ól í i gcuimhne ormsa.
Táim ceart go leor anois,
ná bíodh imní ort.

Aisling

Dán do mo chara atá ag obair sa tigh tabhairne. Ní fíorscéal é, ní bhíonn an iomarca óil agam mar sin!

Bím ar meisce amháin anseo
agus nuair a fheicim í 
nílim cinnte riamh
an fíorchailín nó aisling í.

Amharc reatha, ag rith gan stad.
Ar mo chlé, ar mo dheis anois...
Ní fios dom go baileach
an fíorchailín nó aisling í.

Chuir mé ceist uirthi: "Cé thusa?".
Ach ní cuimhin liom a freagra:            
"Is mise Aisling"    
nó, b'fhéidir, "Is aisling mé".

Ba cheart dom éirí as an ól        
ach tá faitíos orm fós:
an bhfeicfidh mé í arís
más aisling ná fíorchailín í?

Scéal liom duit

Scéal liom duit:
geimhreadh ann.
Raithneach rua
a chaill a cruth.
Sioc a thit
ar an bhféar.
An Bodach geal
atá go hard
sa spéir fhuar —
féach aníos!
Ach cén fáth
a scríobh mé é —
nach bhfuil sé
an-chosúil
leis an am
a bhí tú ann?
Cuimhin leat
an raithneach rua
a's mar sin —
níl mo scéal
nua duit.
Tá an lá
ag éirí gearr
tar éis d'imeacht —
is eol duit é
an t-amhrán sin.
Cuimhin liom
do lámh the
agus d'fhocail:
"Slán go foill!".
Cronaím thú,
é mo scéal,
mo fhiorscéal —
cronaím thú.

Réiltín

Is athghéar an ghaoth anocht,
is an-dorcha an oíche.
Táim caillte ar an tslí dhoilbh,
ach tá tú ann — mo réiltín.
Tá tú in imchian
agus ní féidir liom
do theas a mhothú,
ach tá do sholas geal sa dhubh.
Tá tú solasbhlianta ar shiúl uaim:
ní fheiceann tú mé
agus níl a fhios agat
go ndíríonn tú mé
tríd an oíche ródhubh.
Ach tá áthas orm
mar go bhfuil tú ann — mo réiltín.

Brionglóid Barróige

Thug tú barróg dom.
Agus ní raibh rud ar bith timpeall
ach amháin muid,
agus do lámha tharam,
agus mo cheann ar do ghuallain,
agus gean,
agus aoibhneas.
Críoch an uaignis,
críoch na héideimhne.
Agus mhair sé
go dtí dhúisigh mé
agus cheiliúir do aisling.
Agus ansin, ní raibh rud ar bith timpeall
ach amháin mé féin,
agus an seomra folamh,
agus maidin mhodartha,
agus uaigneas,
agus cuimhne ghrinn na barróige samhailtí.

4 Iúl 2024

Niamh

Niamh is ainm duit
ach níl capall draíochta agat.
Ní féidir leat
dul go Tír na nÓg,
do fhiorthír dhúchais
nach raibh tú riamh.
Ach ní Oisín mé fein,
ní mise do ghrá
ar a bhfuil tú ag feitheamh.
Agus ní capall draíochta mé ach oiread —
is féidir liom tú a iompar
ar mo dhroim go dtí aon áit
ach amháin Tír na nÓg.

13 Aibreán 2023

Uaimh an Dóchais Tréighte

"Uaimh an Dóchais Tréighte" is ainm don áit sin.
Ní áit uaigneach í, bíonn a lán daoine ansin gach oíche.
Ní cluintear focal subhnach ansin.
Deir na daoine "mór mo bhrón" nó "mór mo phian".
Ach níl duine gan dóchas ansin —
is taoithenach í, fuaim fhírinneach an dóchais tréighte.

Aithris ar na Rómhánach

Tá seansagart ag léamh "Aithris ar Chríost"
ach in áiteanna eile
tá daoine eile ag déanamh aithrise ar na Rómhánaigh.
Tá siad ag céasadh a n-íobartach, b'fhéidir nach naoimh iad,
ach níl siad ciontach.
Tá súil agam go n-éiríonn siad as aithris na Rómhánach,
mar níl siad ag déanamh aithrise ar Chríost.

Suntas: Aithris ar Chríost = De Imitatione Christi.

This page was last modified: