Dánta as Gaeilge

Tá mé ag foghlaim Gaeilge agus is maith liom filíocht. Bíonn me ag scríobh dánta beaga anois agus arís…

Niamh

Niamh is ainm duit
ach níl capall draíochta agat.
Ní féidir leat
dul go Tír na nÓg,
do fhiorthír dhúchais
nach raibh tú riamh.
Ach ní Oisín mé fein,
ní mise do ghrá
ar a bhfuil tú ag feitheamh.
Agus ní capall draíochta mé ach oiread —
is féidir liom tú a iompar
ar mo dhroim go dtí aon áit
ach amháin Tír na nÓg.

Uaimh an Dóchais Tréighte

"Uaimh an Dóchais Tréighte" is ainm don áit sin.
Ní áit uaigneach í, bíonn a lán daoine ansin gach oíche.
Ní cluintear focal subhnach ansin.
Deir na daoine "mór mo bhrón" nó "mór mo phian".
Ach níl duine gan dóchas ansin —
is taoithenach í, fuaim fhírinneach an dóchais tréighte.

Aithris ar na Rómhánach

Tá seansagart ag léamh "Aithris ar Chríost"
ach in áiteanna eile
tá daoine eile ag déanamh aithrise ar na Rómhánaigh.
Tá siad ag céasadh a n-íobartach, b'fhéidir nach naoimh iad,
ach níl siad ciontach.
Tá súil agam go n-éiríonn siad as aithris na Rómhánach,
mar níl siad ag déanamh aithrise ar Chríost.

Suntas: Aithris ar Chríost = De Imitatione Christi.

Brionglóid Barróige

Thug tú barróg dom.
Agus ní raibh rud ar bith timpeall
ach amháin muid,
agus do lámha tharam,
agus mo cheann ar do guallain,
agus teochroí,
agus aoibhneas.
Críoch an uaignis,
críoch na héideimhne.
Agus mhair sé
go dtí dhúisigh mé
agus cheiliúir do aisling.
Agus ansin, ní raibh rud ar bith timpeall
ach amháin mé fein,
agus an seomra folamh,
agus maidin mhodartha,
agus uaigneas,
agus cuimhne ghrinn na barróige samhailtí.
This page was last modified: